fbpx

Tá suim an-láidir sa Ghaeilge i gceantar Baile Chláir na Gaillimhe.

Reáchtáladh cruinniú faoin bPleanáil Teanga Gaeltacht an Eachréidh I gColaiste Baile Chláir ar an 2ú de mí Bealtaine. Rinne an coiste suirbhé ar thuarim an phobail faoin teanga sa cheantar. Is é Gaeltacht an Eachréidh an t-ainm atá ar ceantar Baile Chláir, An Carn Mór agus Eanach Dhúin.

Léiríonn torthaí an suirbhé go bhfuil níos mó ná seasca faoin gcéad de na daoine sa Gaeltacht an Eachréidh ag iarradh a gcuid gaeilge a fheabhsú. Togha obair ag an gCoiste!

CLG Baile Chlár na Gaillimhe

Faoi láthair tá thuas ar 1700 daltaí ag freastail ar scoileanna sa pharóiste, idir náisiúnta agus an Coláiste. Mar sin, cad a dhéanfaimíd mar club chun an Ghaeilge a chur chun cinn?

Seo iad na trí thionscnamh atá á seoladh againn.

1.Comórtas Peil na Gaeltachta.

Glacfaidh ár bhFoirne Sóisearacha, Sinsearacha agus Faoi 16 páirt i gComórtas Peil na Gaeltachta, an bliain seo chugainn( 2020). Seo an chéad uair i ndeich mbliana a rabhamar páirteach.

2. An Corn Hestor le Scoilleanna Naisiunta

Tá comórtas scoile náisiúnta nua á thosnú againn do scoileanna sa Gaeltacht an Eachréidh;

Beidh an blitz seo le gach uile de na Scoileanna Náisiúnta sin don Corn Hestor ag tarlú i mí an Mheithimh.

3.Baile Peil

Tá sé i gceist againn páirc nua astro a thógáil i Lakeview amach anseo le húsáid ag an gColáiste agus ag baill an chlub.

Bí ag faire amach le haghaidh tuilleadh nuachta air seo go luath.

Tabharfaimid gach tacaíocht don Ghrúpa Forbartha Teanga an tEicreadh.Tá muid anseo le cuidiú agus le bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge.

Le meas,

Seán O Muirín,

Cathaoirleach CLG Baile Chlár na Gaillimhe

Recommended Posts